School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)culaith éadach do gach duine aca. Fill sé abhaile annsin agus d'innis sé go'n Lárda go raibh a leithéidí ann, agus go raibh siad a chómh maith leis h-éin. Dubhairt an Lárda go ngearrfaid sé amach fiche acra do gach duine aca agus go ndéanfaid sé teach go gach aon duine aca agus nuair a bhí sin deantaí aige chuir Diarmuid sgéal ar chuile duine aca a dhul anonn.
Bhí Diarmuid lá amháin ins a bpárlús agus tainnic sé fearbocht a gul síos a tsráid agus mála ar a dhruim aige agus d'aithin sé gurab é a athair é. Dubhairt sé leis waitéir a rádh leis a bfear bocht fanacht sa chistinnighe go dteighid sé suas. Bhí cómhluadar leis ins a bpárlús, agus dubhairt a waitéir leis a duine fanacht go dtigidh an duine uasal aníos. Ach bhí an fear bocht chómh tobann sin gur chraith sé a mhála ar a ghualainn
"Ní bheidh mise a fanacht ar fear a bith aca," ar seisean agus amach leis.
Chuaidh a duine uasal amach in a dhiaidh agus thug sé isteach é i gcionn dínnéir.
"Agus," arsa Diarmuid leis, "cérb' as tusa - Éireannach aithnighim?"
"Is Éireannach mé," arsan sean-bhuachaill.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Gáchain
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Ráth Muireagáin, Co. Mayo