School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fuair sé ag a mac ar maidin agus ní raibh braic air. Thug sé a litir do, agus dubhairt sé leis a rud a dubhairt an t-athair. Chuaidh a beirt aca ag obair agus chuir siad fios ar chuile dhuine go raibh aon phí'nn a teacht do, agus d'íoc siad 'chuile dhuine amach. Pósú Diarmuid agus a bhannrioghan óg, agus bhí an dá bharaille óir aige agus leath a duithche a d'fhág a t-athair aici.
Bhí an bhliain i ngar a bheith istig annsin, agus tháinic sé in a chóiste agus bhí an fiche fear in a seasamh ag a gcros-bhóthar agus níor aithnig ceachtar aca é. Nuair a bhí sé a teannú leóbhtha chuaidh sé go réidh len a chuid capaill go bhfeicid sé céard a bhí siad a rádh, agus sé rud a bhí siad a rádh - Á tá Diarmuid marbh - Níl sé ar a chois nuair nách bhfuil sé annseo indiu - Ó, a Thighearna, nár mhór a sgéal é.
Ach dubhairt Diarmuid leóbhtha -
"Á bhfeicid sibh é, a n-aithneóid sibh é?"
"Á," arsa fear aca, "d'aithneóchainn-se é dá mbeadh sé leath dóighte."
Dubhairt sé leóbhta annsin gurab é a bhí ann. Thug sé 'un a bhaile mór iad agus thug sé airgead póca dóibh agus cheannuig sé(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Gáchain
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Ráth Muireagáin, Co. Mayo