School: Gleann Caisil (roll number 13222)

Location:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 509

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 509

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Caisil
  2. XML Page 509
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí fear ann fadó shoin agus bhí mac aige agus bhíof an mac seo a déanamh fios. An t-am sin bhíof ar na daoine a dhul go dtí an gabha le spáid a dhéanamh dóibh. An lá seo bhí spád a teastáil ó'n bhfear agus b'éigin do a dhul chuig an gabha le ceann a fhághail. Nuair a bhí an fear ag imtheacht dubhairt an mac leis -
    "Tóigfi' an gabha an chéad spád, agus caithfi' sé úai' é agus bei' sé a tochailt a chinn. Tóigfi' sé an dara ceann annsin agus caithfi' sé uaidh é mar an gcéadna agus bei' sé a tochailt a chinn a chó maith. Ní bhei an dá spád sin déanta i gceart aige agus ar d'anam ná tóig aon cheann acú, mar bhí sé a tochailt a chinn i ndiai' gach ceann acú a dhéanamh. Annsin tóigfi sé an tríomhadh ceann len' a dhéanamh agus nuair a bhéas sé deanta aige, leagfai' sé uai' é agus ní bhei' sé a tochailt a chinn cor ar bith. Bei' an ceann sin déanta i gceart aige agus tig leat an ceann sin a thabhairt leat.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish
    Informant
    Kitty Corrigan
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Dumha Locha, Co. Mayo