School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 143
  3. XML “An Gorta Mór (1845-47)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nGael i gcathracha móra Shasana, sa bhFrainc, san Iodáil, san Ostair, san Eilbhéis, sna hIndiacha Thiar, i gCeanada, i Madras agus Calcutta in India, agus san Astráil féin. Chuir Sultan na Tuirce féin deontas mór airgid go hÉirinn agus bhí fir fhlaithiúla i Sasana a thug suas le £1,000 an duine de chabhair ar na Gaeil.
    Ach caithfear a rá gur áibhéil iontach ar fad an fhóirithin a fuair Éire ó na Stáit Aontaithe an uair úd. Ó New Orleans theas go Boston thuaidh ní raibh baile beag nó mór nach ndearna bailiúchán mór bia is airgid is éadaí a cuireadh go hÉirinn. Tháinig lucht tar éis luchta d’arbhar buí ó Mhississippi agus Alabama, agus beart ar bith a raibh ‘Éire’ ar an seoladh iompraíodh in aisce é ar thalamh is ar mhuir. Ach má tháinig an fhóirithin níor tháinig sí sách luath go raibh scoth na tíre imithe trí bhás agus trí imirce. Ba díblí dearóil an saol a bhí ag muintir na hÉireann ó 1845 go 1847 agus níor tháinig Éire chuici féin ón donas sin leis na blianta fada ina dhiaidh sin, agus tá a shliocht ar Éirinn go dtí an lá atá inniu ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish