Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nGael i gcathracha móra Shasana, sa bhFrainc, san Iodáil, san Ostair, san Eilbhéis, sna hIndiacha Thiar, i gCeanada, i Madras agus Calcutta in India, agus san Astráil féin. Chuir Sultan na Tuirce féin deontas mór airgid go hÉirinn agus bhí fir fhlaithiúla i Sasana a thug suas le £1,000 an duine de chabhair ar na Gaeil.
Ach caithfear a rá gur áibhéil iontach ar fad an fhóirithin a fuair Éire ó na Stáit Aontaithe an uair úd. Ó New Orleans theas go Boston thuaidh ní raibh baile beag nó mór nach ndearna bailiúchán mór bia is airgid is éadaí a cuireadh go hÉirinn. Tháinig lucht tar éis luchta d’arbhar buí ó Mhississippi agus Alabama, agus beart ar bith a raibh ‘Éire’ ar an seoladh iompraíodh in aisce é ar thalamh is ar mhuir. Ach má tháinig an fhóirithin níor tháinig sí sách luath go raibh scoth na tíre imithe trí bhás agus trí imirce. Ba díblí dearóil an saol a bhí ag muintir na hÉireann ó 1845 go 1847 agus níor tháinig Éire chuici féin ón donas sin leis na blianta fada ina dhiaidh sin, agus tá a shliocht ar Éirinn go dtí an lá atá inniu ann.