School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 132
  3. XML “Tiarnaí Talún, Tionóntí agus Díshealbhú sa gCeantar Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    is ins an aimsir sin a mb'éigin do mhuinntir Chearbhaill agus Breathnaigh agus clanna eile nach iad, imtheacht leó as a gcuid talmhan i mBéal Atha an Mhóir agus greim a mbéil do bhaint amach dóibh féin ar thaobh Sléibhe Chairn mar a bhfuil a sliocht fós. Níl teóra leis an méid a innsigheas na sean-iondúirí faoi "Antoine gan truagh gan gaise." Nuair bhíodh daoine ag dul go Balla ar an aonach le na gcuid eallaigh bhíodh maoir Antoine i bhfolach ar chúl an chlaidhe annso is annsúd ar feadh an eastáit féachaint an leigfeadh fear ar bith d'á chuid eallaigh greim féir d'ithe ar thaobh an bhóthair nó ar thaobh an chlaidhe. Ba mhór an coir é sin agus is minic a fuair feirmeóir bocht gréasáil breágh ó Antoine mar gheall ar rud mar sin a dhéanamh. Ba gnáthach le Antoine sgathamh i bpriosúin do thabhairt d'aoinne a rachadh thar taltaí Antoine ar lorg coinín nó girrfhiadh agus cuirtí an pionós céadna ar thionóint ar bith a ghearrfadh sgeach ar a fheirm féin gan cead ó Antoine. Tá Antoine féin is a shliocht imthighthe agus ní h-í beannacht na ndaoine a chuaidh 'na ndiaidh.
    Idir críocha Ormsby agus Lord Oranmore bhí eastát eile. Isadór de Búrca a rialuigh san gceanntar sin agus bhí commhnuidhe air ag Curleigh Lodge i Muirnín, tamall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish