School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gearr ó Clár-Chloinne-Mhuiris. Níl aoinne san áit anois agus tá fothracha an tighe mar ionad comhnuidhthe ag "éanlaith an aeir" anois. Bhí Isadór ana-dian ar fad ar na tionóintí agus is iomdha milleadh agus marbhú a rinne sé ortha, ach is dócha nár mheasa é féin ná a chomh-bhráithre ins gach cuid eile de'n tír. Bhí an dearg-ghraín ag na Fínghiní air agus deirtear gurbh' iad a chuir críoch leis. Bhí Isadór agus a thiománuidhe ag filleadh abhaile ó Ghaillimh in a gcóiste, oidhche amháin agus lámhadh an bheirt aca achar gearr ó Mhuirnín. Bhí eastát eile ag Isadóir in aice le cathair na Gaillimhe.Thart ar bhaile mór Ball Áluinn bhí eastát breágh eile ag Sir Robert Lynch Blosse. An t-Árus-comhnudhthe breágh a bhí aige tá sé in a clochar anois ag mnáibh riaghalta d'Ord Lúghbhaidh Naomhtha agus tá scoil-chomhnuidhthe do chailíní aca ann. Do réir sgéala tíoránach do b'eadh Sir Robert agus do ghearradh sé cíosanna móra ar na tionóintí agus is iomdha clann a cuireadh as seilbh le na linn, ach d'aimdheóin é sin rinne Sir Robert cionn-fir dá chuid tionóintí i rith Gorta Mhór na mblian 1845-1847. Chuir sé féin agus Lord Sligo agus George Henry Moore £10,000 le chéile agus thugadar locht mine-buidhe isteach sa tír agus dhíoladar le na daoine bochta í ar(continues on next page)