School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 121
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ansin i gcoirnéal den pháirc agus tine mhór gheal aici ag bruith anraith agus á dhíol – lán cupáin nó lán muga nó lán naigín de réir mar a d’ordaigh na custaiméirí é.
    I mBéal Átha na gCoistealach, atá ar theorainn an pharóiste seo agus Achadh Mór, bhíodh aonach breá freisin. Amhail aonach Chnoc Mhuire, níl sé ann anois, ach is cuimhin liom féin (agus ní cailleach fós mé!) an uair a bhíodh muintir an cheantair seo ag déanamh ar aonacha Bhéal Átha na gCoistealach lena gcuid beithíoch. Ní bhíodh na haontaí seo ar siúl ach ar dháta faoi leith. Ar an ochtú lá de Lúnasa, an naoú lá déag de Dheireadh Fómhair, an t-aonú lá tríochad de mhí Eanáir agus ar an tríú lá de Mheitheamh a bhíodh na haontaí ba mhó le rá sa mbliain ar siúl. Bhí clú an aonaigh seo i bhfad is i ngearr, agus ní i ngeall ar an díol agus an ceannach a bhíodh ar siúl, ach an clampar is an murdar a thagadh ina dhiaidh. Bhíodh pubaill ansin mar a bhíodh ar aonach Chnoc Mhuire chun bia agus deoch a sholáthar do lucht an aonaigh, ach ina theannta sin bhíodh ‘gnó síbín’ ar siúl freisin – is é sin le rá go mbíodh poitín agus deochanna meisciúla eile ar díol gan cheadúnas ag daoine áirithe ina dtithe féin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish