Scoil: The Neale (B.)
- Suíomh:
- Neale, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac an Bháird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)AN CATHAR DUBH ( CAHERDUFF ) :-
an lios dubh
CATHAIR SÉAMAIS ( CAHERHEMUS ) :-
an lios i bpáirc Shéamais.
CATHAIR na GROIDHE ( CAHERNAGRY )
an lios mór
CATHAIR na nGABHAR ( CAHERNAGOWER ) :-
an lios ar a mbíodh na gabhair ag inbhear
CATHAIR na gCOLM ( CAHERNAGULM ) :-
an lios in a mbíodh na cuilm thart timcheall air
CARNA ( CARN ):- Carn Cloch:-
tá carn cloch nó cárna ós cionn uaighe Ocha ( Ochy ) taoiseach de na Firbuilg a marbhuigheadh i gcath Mághtúra.
GORT an LEASA ( GORTALASSA ) :-
an gort in a raibh lios.
CILLDÓTAÍ ( KILDOTIA ) :-
an cill a dóghadh sa t-seanaimsir.CILLIDHUIN ( KILDUN ) :-An chill dhonn. Bhí sean-teampall annseo in aimsir Chromail. Bhí sé déanta imeasg na sgeach agus na g-carraig. I dtreo 's nach mbéádh saighdiúirí Chromail in ann é a dhéanamh amach ó na sgeachaibh cuireadh cré donn ar na ballaibh. Mar sin tugadh an chill Dhonn ar an mbaile atá annsin ó shoin. Anois tugtar Kildun air.CILLÍMOR ( KILLIMOR ) :-
bhí cill annseo ag naomh Imor ins an dómhadh aois.
CILLMOLÁRA ( KILMOLARA ) :-
san t-sean aimsir ní raibh aon chill i gCaisleán na h-Éile.(leanann ar an chéad leathanach eile)