Scoil: The Neale (B.)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac an Bháird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I gCillmolára a bhí teampall an pharóiste. Paróiste Chillmolára a tugadh ar an bparóiste agus bhí dhá chill ann - ceann i gCillmolára agus ceann eile i mBallachola in aice le Loch Measca. Bé an chill i gCillmolára an phríomh chill nó cill an pharóiste agus mar sin tugadh an " chill mór lár " uirri agus le usáid rinneadh an t-ainm Cillmolára.
LECÁUN ( LACKAUNE ) :-
sleas an chnuic. Tá an baile seo ar sleas " chnuic Lecáun "
GARRACLOONE :-
an móinfhéar garbh
LEATH CHEATHRAMHADH CHILLÍN ( Lecarrowkilleen ) :-
Leath Ceathramhadh na Cille Bige. Bhí sean-theampall Cilledhuin suidhte ar an dtaobh eile de'n bhóthar o'n mbaile seo agus in aice Cloch Fhada na h-Éille. Tá sean roilig ins an bpáirc in a raibh an chill. Nuair a bhí talamh na cille dhá roinnt tugtar an t-ochtmhadh cuid de nó leath ceathramhadh do na daoine ins an mbaile seo agus mar sin tugadh Leath-Ceathramhadh Cillín air. Tugadh an cuid eile de'n talamh do muinntir Cilledhuin mór agus Cilledhuin Beag.
MUCROSÁUN ( MUCKROSSAUNE ) :-
cnoc na muc beag. Tá cnoc ins an mbaile seo agus deirtear gur tháinig na mílte muca beaga dubha treasna an chnuic seo sa tsean aimsir. D'fan riain a gcos ann ar feadh i bhfad agus mar gheall ar seo tugadh an t-ainm ar an mbaile.
GRÓ DORCHA ( BEECHGROVE ) :-
coill dorcha. Tá an baile(leanann ar an chéad leathanach eile)