School: Craig Dhubh

Location:
Cregduff, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Mac Giobúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Craig Dhubh
  2. XML Page 407
  3. XML “Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba é Colonel Knox an Tighearna Talmhan a bhí thart an Chois Loch sul ar díoladh an talamh. Bhí sé in a chomhnaidhe i gCreagh. Bhí teach mór aige annsin, agus tá fothracha an tighe ann go fóill. Fear an-saidhbhin do b'eadh é, agus bhí sé in a Phrotastunach.
    Bhí meas mór ag na daoine air. Níor chuir se duine amach as a seilbh ariamh. Is iomdha uain nach raibh na tineontaidhthe in ann an chíos d'ioc, agus do thug se a dtalamh do dhaoine eile, acht do thug se an t-ácra a b'fhearr a bhí aca dhoibh. Is iomdha uain freisin nach mbeadh an chíos ag na daoine ar feadh trí no ceithre bliadhna, agus ní chuirfeadh sé iad amach as a seilbh. Tighearna an mhaith do b'eadh e.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Mrs C. Philbin
    Gender
    Female
    Address
    Rathnaguppaun, Co. Mayo