School: Doire
- Location:
- An Doire, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Catháin
![The Schools’ Collection, Volume 0091, Page 009](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0091%2FCBES_0091_009.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0091, Page 009
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire
- XML Page 009
- XML “An Fear a d'Fhoghlaim Ceird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buail siadh glás ar an mboscha
Chaith siadh an boscha ar an bfhairrghe annsin. Thosuigh an bhean óg ag troidh ar son a fhir. Dubhairth caiptín na luinghe leí go gcuirfhidhe í féin i bpoll eile. Chuir siadh i bpoll í. Bhí bean ann agus bhí triúr mach aicí, bhí sí in-a chomhnuidhe ar bhruach na fairrghe. Lá amháin bhí a bheirth mhach ag dul amhach ag bádoireacht agus chonnaich siadh boscha ar bhuach na fairrghe. Dubhairt duine acu an bosca a fhosghailt. Dubhairt duine gan é a fhosghailt go mbfhéidhir gur rud eicinth a bhí ann a d'íosfhadh iadh. Annsin chuaidh siadh ar thóir an mhic eile. Bhuail an triúr ar an mboscha, agus d'osgail siadh é. D'éirigh fear amach as. Dubhairt sé leo go raibh ocras air. Thugh siadh biadh dhó. D'fhiafhruigh an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- Mám Trasna, Co. Mayo
- Informant
- Bríghid Bean Uí Seóighe
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- Mám Trasna, Co. Mayo