Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0454](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0454.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0454
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)"tabharfa mé an sgológ liom."
Bhí go math. Bhailigh siad leotha. Bhí siad
ag imeacht ag imeacht aríú aríú rómpav nó
gur thainic siad ag bun an fharaige mhór. Bhí
’aill insin agus níor fhéad siad a dhoil díos sia,
agus bhí luing feistíte ag bun na h-aille.
"Bu cheart dúinn í thóirt linn," adúirt a’
sgológ.
"Bhfuil tú ’do bhádóir math?" adúirt mac
a’ rí.
"Tá mé féaráilte," adúirt sé.
"Dianfa sin."
Chua siad isteach ar bourd inti agus sgaoil
siad na téadrachaí, agus bhuail mac a’ rí cic uirthi
agus chuir sé seacht léag agus seacht déag i bhfaraige.
í. Bhí siad ag imeacht ar a’ bhfaraige mhór
rómpú rómpú i gcónaí i gcónaí nó go ru
siad an fhad seo laetheantaí ins a’ bhfaraige.
"Well," adeir sé leis a’ sgológ, "teiri suas
agus féach a’ bhfeicfeá aon tala."
Chua an sgológ suas agus má chua choínt -
"ní fheicim aon phioc," adúirt sé.(continues on next page)