Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)bith é. Agus d’eirigh leis an bpáiste ná ru
aon afarc aige, agus thréis an páiste a bheith
gan aon afarc bhí an mháthair agus a’ t-athair
cho ceanúil air agus bhíodar ar a gcroí ina
lár. Bhí go math. Bhíoch an t-athair amuich
ag obair achuile lá, agus i n-ám bricfeásta nuair
a thigeat sé isteach ghohat sé a’ breathnú ar a’
bpáiste, agus i n-ám dinnéir nuair a thigeat sé
isteach ghohat sé sa dtí é, agus trathnûna go rí-
shiúráilte thiúrat sé cuairt ar a’ bpáiste - ar
a’ mac - le ru go spóirt aige as an mac.
Bhí go math agus ní ru go h-olc, nú go ru an
t-ám dhá chatha, nú go ru sé dhá bhliain déag
nó trí bliana déag g'aois. Agus bhí an t-ath-
air imíthe amach ag obair ó mhaidin - moch mainn-
eachan roimhe sin - agus bhí an mháthair ag réiteach
bricfeásta gon chuid eile go na gasúir, gon
chlánn iníon, agus gá sgaoile ina mbealach héin - ag
obair iad héin. Agus bhí an gasúr fir ’n-a
cholla ar a’ leaba. Nuair a bhí sé i n-ám
bricfeásta go math sa lá bhí béilí an mhic gléas-
taí ag a’ mbean - réitíthe - agus ghlaoidh sé ar a’(continues on next page)