Scoil: Clohanes, Dún Beag
- Suíomh:
- Na Clocháin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál de Bláca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mó nós agus pisreóg a chleachtuightí Oidhche Bhealtaine timcheall na h-áite seo fadó. Bhain na pisreóga go léir, nách mór, le breith an ime. Do lastaí punann tuighe agus do leantaí na ba leis, Oidhche Bhealtaine. Ní fhéadfadh na comharsan an t-ím do bhreith annsan.Dá mbeadh tobar fíor-uisge ag duine ní leigfeadh sé d'aoine uisge d'fhághail ann ó dul fé do'n ngéin Oidhche Bhealtaine go dtí eirighe na gréine lá Bhealtaine ar eagla go dtógfaidhe a chuid ime.Tugtar isteach an " May bush" (an aiteann fe bhláth ) ins gac tig go moch lá Bealtaine.Baintear an tréanlus agus tugtar isteach insan tig é Oidhche Bhealtaine agus óltar an súghlach as. Deirtear go gcoiméádfadh sé sin an lín-tighe ó'n bhfiabhras i rith na bliadhna. Teastuigheann ó dhaoine a bheith ar an gcéad duine a thabharfadh fior-uisge ó'n dtobar, maidean láe Bealtaine