Scoil: Clohanes, Dún Beag

Suíomh:
Na Clocháin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Mícheál de Bláca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Le linn na h-Inide isead a deintí pósaidhte agus go mór mhór Máirt na h-Inide. Aoinne abhí ion-pósta agus nár phós deirtí go cuirtí iad go Gleann na nGealt i gCiarraighe ag cur prataí. Fadó cuirtí marc cailce ar drom aon duine ná raibh pósta roimh Máirt na h-Inide. An Domhmnach taréis Máirt na h-Inide a déintí é seo agus tugtí "Domhnac Cailce" ar an lá san. Níor mhaith leo pósadh ins an bhFógmhar mar an punann a ceangaltar ins an bhFóghmhar sgaoiltear san earrac, seo rann atá aca:-
    "The sheave that is bound in harvest is loosened in Spring and the maid that gets married in Harvest is without her lover in Spring"
    Bé an Máirt agus an Satharn na laetheannta rathmhar do bhíodh aca. Sé an spé do bhíod aca ná ba agus caoire. Sé airgead an spé atá aca anois. Fadó do bhíodh bainis ana mór aca. Do bhíodh nuadh gach biad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla