Scoil: Clohanes, Dún Beag

Suíomh:
Na Clocháin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Mícheál de Bláca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in-a chómhnuidhe in iarthar an Chláir fadó. Muirisín Fódra a b'ainm dó. Do bhí taidhreamh aige go raibh corcán óir fé'n "Treaty Stone" i Luimneach. Do chuaidh sé go Luimneach i mbád suas an t-Sionainn. Nuair a tháínig sé go Luimneach ní raibh fhios aige cá raibh an "Treaty Stone." I gceann tamaill tháínig sé go dtí an áit 'na raibh an t-ór. Bhí an áit lán de dhaoine agus bhí eagla air dul ag triall ar an óir. Chuaidh sé ar ais go dtí an báidh an oidhche sin. D'éirigh sé go moch lá ar na bháíreach agus chuaidh sé go dtí an "Treaty Stone." Do thosnuigh sé ag obair cómh mear agus a bhféidir leis. Ní raibh sé i bhfad ag obair nuair a tháínig fear chuige.
    "Cad tá á dhéanamh agat," ars an fear.
    D'innis Muirisín a sgéal go léir dó.
    "Téigir abhaile a amadán," ar seisean.
    "Tá msie ag taidhreamh go bhfuil corcán óir fé chrann aiteann i lios in-aice tigh Mhuirisín.
    Chuaidh Muirisín abhaile agus fuair sé an t-ór.
    Bhí sé saidhbhir as san amach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Mac an Airchinnigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mountrivers, Co. an Chláir