Scoil: Clohanes, Dún Beag

Suíomh:
Na Clocháin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Mícheál de Bláca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0626, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “Linguistic - Oileán an Mhatail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oileán beag atá in aice le Oileán na gCaorach i gCuanta na Mara Báine.(Beul oideas).
    Bhí sean-bhean in a comhnuidhe mar a bhfuil loch Uí Sheanacháin anois (an loc atá in aice na scoile) agus bhi tobar draoidheachta aice in aice an tighe.
    Bhí gaisgidheach in a chomhnuidhe i gCathair Murchadha agus chuaidh sé amach lá ag troid le Matal ins an oilean. Bhuaidh sé ar Mhatal agus ar theacht abhaile dhó um thrathnóna bhí sé traochta lag agus iadtha tarta dá thachtadh. Bhuail sé isteach go dtí an cailleach seo ag iarraidh deoch uisce, acht diultaig sí an deoch do thabhairt do mar duine muinnteardha do Mhatal ab eadh í. Amach leis agus rabharta feirge á thachtadh. Bhris sé clár an tobair. Sgéith an t-uisge, báthadh an sean-chailleach agus tá an loch ann ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Oileán an Mhatail, Co. an Chláir