School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 221
  3. XML “An Mactíre Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí duine uasal ann. Bhí triúr inghean aige. Fuair sé cuireadh lá dul go pósadh é féin agus a bhean. Do geibhadar go dtí an pósadh agus ba maith an maithe d'es na cailíní í, mar beadh ana oidhche aca féin sa bhaile.
    Do bhí seómra sa tig agus ní leigtí d'es na cailíní dul isteach in aon-chor ann agus d'airig an cailín críonna go raibh geasa ar cathaoir a bhí ann. Bhí sí ag cuardach cun go bhfuair sí an eocair agus d'oscail sí an seómra agus chuadar isteach agus shuidh an cailín críonna sa cathaoir agus d'iarr sí ar Dhia agus ar an gcathaoir lord éigin do teacht chun í do phósadh, do dhein an tarna cailín an rud céadna agus nuair a airig an driofúirín óg iad á iarraidh ar Dia d'fhiafraigh godtiocfadh an mac-tíre bán chun í féin do thógaint.
    Tháinig na beirt tighearnaí agus thógadar a mná féinig agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig an mac-tíre agus dúbhairt sé leis a mnaoí teacht cuige, dúbhairt na cailíní aimsire ná leogfaidís sí imteacht agus dúbhairt an mactíre bán go gcuirfeadh sé an tig síos tríd an dtalamh muna leogfaidís amach é, b'éigin di imtheacht agus bhí tig buartha brónach ag na cailíní aimsire as san amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Céilleacair
    Gender
    Female