School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín bocht ann uair agus bhí a h-athair ana-mhór le duine-uasal abhí 'na chómhnuidhe timcheall na h-áite, agus ní raibh sé pósta in-aon-chor.
Lá amháin tháinig an duine-uasal isteach cúcha agus d'iarr sé an cailín uatha le pósadh agus dúbhairt an t-athair leis go bfaghadh sé í. Ní raibh aon airgid ag an gcailín cun éadaighe do cheannach.
Do phósadar ach níor thaithn an fear leis an gcailín in-aon-chor agus ní tabharfadh sí aon bhéile bhídh do ach prátaí agus bainne géar agus meidhg agus bhíodh cácaí is fíona aici féin agus dhein an fear an t-amhrán so:-Nuair a chonnac-sa ar dtúis tú,
Ní raibh húda ná clóca ort,
Ach plainnín mar gúna ort,
Is é brúighte is strócaithe,
Botháinín deataig agus t-athair im dheóidh-sa,
Is shéid sé súid fúmsa an búnsac do phósadh, "Curfá":-
Teastuigheann sé uaithe anois
Gluaiseacht chun réidhe
Mar is diúire ró-már is
tá futha agam féin de,(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Thuama
- Gender
- Female