Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 249
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Deirtear gur ceart do dhuine amháin fanamhaint sa cistin in diaidh na daoine eile cun an teinteán do sguabadh agus báisín fíor uisge d'fágaint ar an mbórd do's na phúcaí.
2. Ní ceart do aoinne a lámha do níghe i sruthán uisge in dhiaidh na ba do crúdh.
3. Dá mbeadh duine ag aistriughadh ó seana-thigh go tig nuadh, ní ceart do aistriugadh Dia luain ná Dia Ceadaoin ná dia h-aoine.
4. Dá níghfeadh duine a aghaidh sa drúcht maidin lae Béaltaine ní bhfaigheadh sé aon tinneas cinn ar feadh na bliadhna.
5. Fadó nuair a bhéarfaí leanbh i dtig is é an bronntanas a tabhfadh na cómhairsann do ná: buicéad bainne.
6.Bhíodh sé mar bhéas ag na daoine fadó an clagar a thuitfeadh Aoine an Céasta do chuir isteach a mbuidéal agus é coiméad ar feadh na bliana mar do leigheasadh sé tinneas cinn agus píanta eile.
7. Nuair a cídhfeá an gealach nuadh is ceart fioghar na croise a dhéanamh i dtreó go mbeadh rath ort.
8. Dá mbeadh faithinní ar duine 'sé an leagheas is fearr ná píosa feóla do chuir i bhfolach san aoileach agus gan é innsint d'aoinne.
9. Dá dtuitfeadh sgíathán leathar anuas ar do cheann deirtear go dtógfadh sé go h-ifreann tú.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Gobnait Bean Uí Loinsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Cork