Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Drom na Garraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Eoghain Ruadh ag siubhal lá agus bhí buachaill óg ar an dtaobh istig de’n claidhe i ngáirdín agus bhí an gáirdín ag fás go h-ana árd agus d’iarr Eoghain air “Cad é an ainim a bhí ar an áit” agus dúbhairt an buachaill “Drom na Garraidhe” ansan dúbhairt Eoghain:-
    “Drom na Garraidhe, na crannaí
    cúmhartha”
    Do fhreagair an buachaill é:-
    “Isiad san na crannaí
    ga bhfuil (bhain) na torthaí fútha”
    “Is buachaill maith tú” arsa Eoghan agus an céad áit eile a buailfidh tú orm tabharfaidh mé rud éigin duit. Bhí cómhgar ag rith tríd an pháirc go dtí an bóthar agus rith an buachaill síos agus rith sé amach roimis Eoghain. Do gáir Eoghain agus dúbhairt sé:- “Do mhúin duine éigin tú,” agus dúbhairt an buachaill “Tú féin a mhúin mé,” agus do buail Eoghain idir an dá shúil é le píosa leath-coroinneach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Drom an Gharraí, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Luasaigh
    Inscne
    Fireann