Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Dúil san Óil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sagart i bparóiste áirighthe fadó. Bhí ana dhúil san óil aige. An t-athair Ó Mangáin ab’ ainm do. Ba ghearr gur chuaidh an sgéal amach air agus lá amháin bhuail fear darb’ ainm Ó Murcadha uime, agus bhí aithne mhaith ag an mbeirt ar a céile.
    Dubhairt an sagart leis an raibh aon sgéal aige dúbhairt seisean ná raibh agus dubhairt an sagart leis ba cóir go mbeadh “Bheul tá ach ní maith liom é a innsint duit. Dein arsan Sagart.
    Tosnuig sé mar seo:–
    Chuala go raibh sgéal duilg,
    duairc,
    Ag an t-athair Ó Mangáin,
    go bhfuair sé ’na chogar,
    Is gur bhrostuig sé cun
    pionta d’fhághail,
    Gur sháidh sé an eocair
    fé’n ndoras
    Chun Rígh na ngrást,
    Is go ndeaghaidh sé
    cun sodair ar obair d’on
    diabhal go bráth.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donncadh Ua Críodáin
    Inscne
    Fireann