School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 039
  3. XML “Tigh Molaga - Léirmheas ar an Dán seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ana-chomhacht san dán seo. Deirtear gurb é an dán mór is deidheanaighe a ceapadh sul ar tháinig an meath go léir ar an ngaedhilg é. Cé déárfadh go mbeadh aon comhartaí báis ar an litríocht as ar [?]chiolruigh sé seo. Luaidhtear leis go léigh an Coilsánach an "Elegy in a Country Churchyard" agus gur iarr sagart éigin air gaedhilg do chur air. B'féidir gur léigh sé an Elegy ach má dhein táimíd cinte dhe nách aistriú a ceapadóireacht. Níl aon rann ann go bhfuil aon ghadhol aistriúchán idir é agus aiste Gray. Ní fheicimíd de cosamhalacht eadora ach seo:- gur laoi ar roilig gach dán díobh agus go bhfuil siad araon go sár-áluinn de réir na gcuspóirí a chuir an bheirt filí rómpa agus de réir an tsaghas machtnamh a chuir an t adhbhar ina n-aigne.
    Ag seo gearr chompráid idir deanamh an dá aiste filíochta. Cloistear an nóta brónach í gcead líne an Coileánach "Do doilg duaire" an duaircheas a bhí ar an dtír agus ar na Gaedhealaibh bochta claoite.Tá dordán na dtonn dá meascadh tríd an mbrón san atá "ag léirsmaoineadh is ag luadh, ar coraibh cruadha an tsaoghail.
    Feachaimís anois ar an sonas agus an suaineas a chuireann an chead rann don Elegy in iúil dúinn - Cloisimíd cling chluig an tráthnóna : "The curfew tolls the knoll of parting day". etc. etc. gach fuaim níos buige na chéile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English