School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 101
  3. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí long ó'n Spáinn teacht ó taobh theas 'Meiricá go dtí tír na Spáínne agus í lán d'ór agus d'airgead á dtabhairt, ag triall ar Rígh agus ar Ria Vtóirí (?) na Spáinne. Nuair a bhí sí leath slighe idir an tomhan thiar agus an Európ do thuit fear breóite ar bhórd. Cúpla lá 'na dhiaidh sin thuit fear eile breóite, indhiaidh sin airís thuit fear eile breóite agus an fuireann go léir in dhiaidh a céile agus an Captaen chomh maith leó, ach amháin an triúr ba shine ar bhórd. Do bhíodar go léir sínte amach ins na leabthacha agus ní rabhadar ábalta air aon obair a dhéanamh, ach an triúr sláinteamhail ag tabhairt aire dhóibh, ag feistiú na luinge agus á stiúú ar a cúsa soir. Chuadar mórán as a gcúrsa tosg an Captaen bheith sínte agus in ionad dul ag triall ar an Spáinn 's amhlaidh a thánadar go Tír na hÉireann. Ba cuma leó goidé tír é, ach é shroisint. Féachaint an bhfuighidís aon fuascailt as an gcruadhchás 'na rabhdar, mar bhíodar buailte amach ag an obair agus ar an easba codladta. Isteach go Cuan Cor theas do thánadar agus do leagadar na seólta agus do leagadar anncaire uatha agus i lár an chuain. Chuireadar fios ar muinntir na tíre annsan. D'innseadar dóibh cionus a bhí an scéal acu. Do thug Muinntir na tíre ollmhaitheas dóibh i (?) im agus bainne uibhe cearc agus neithe nac é cun na breóite a leigheasadh. 'Samhlaidh a fhágaidís istig ar an dtráigh dóíbh é agus do thagaidís muinntir na luinge chun iarraidh leis an mbád
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Aghatubrid More, Co. Cork