Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 367
- XML “An Bhean Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chuadar a chodladh mar bhí tuirse ortha ó beith ag siubhal ar feadh an lae agus deirim-se leat gur chodluigheadar go sámh.
Nuair abhí an mhaidean ann d'eirighdear agus do chuadar amach. Do chuaidh an fear isteach go dtí an cistin i gcóír píosa aráin agus do fuair sé é agus nuair abhí sé ag teacht amach bhí an bhean 'á lorg agus do chuaidh sí amach ad'iarraidh mar ní raibh a fhios aici cá raibh sé.
Do chuaidh sí timcheall in gach áit ad' iarraidh é fhághail ach do theip glan uirthi. Bhí sí ar buille. Cuaidh sí isteach go dtí na cómharsain, agus d'innis sí a sgéal dóibh. Is nuair abhí sí ag teacht amach ó tig na gcómharsan a chasadh an fear uirthi agus é ag teacht amach as an gcistin agus píosa aráin 'na láimh aige- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chathasaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Phádruig Uí Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí