Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 375

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 375

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 375
  3. XML “An Gabha agus an Púca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí gabha ann fadó ach gabha greannmhar dob' eadh é mar ní fhéadfadh sé cruidhte a chur fé chapall. Tháinig buachaill cuige lá agus bhí cóta dearg air. Púca ab'eadh é ach ní raibh a fhios san ag an mbuachaill ngabha. Bhí an gabha ábalta ar gach rud eile a dhéanamh ach cruidhte a chur fé chapall. Bhí sé ábalta ar geataí a dhéanamh agus ar chéachta do shocrúghadh.
    D'fhiafhruig buachaill na cóta deirge de'n ghabha an bhféadfadh sé cruidhte a chur fé chapall agus d'innis an gabha dó ná féadfadh. Dubhairt an buachaill leis an ngabha go ndéanfadh sé féin do é dá dtabharfadh sé scian do. Do thug an gabha an scian do.
    Do ghearr an buachaill na ceithre cosa de'n capall agus do chaith sé isteach sa teine iad agus níor dhóigheadar in-aon-chor ach is amhlaidh a bhíodar ag deargúghadh mar a bhead iarann. Nuair a bhíodar dearg do thóg sé amac iad airís agus do chuir sé ar an gcapall airís
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge