Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0450

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0450

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0450
  3. XML “An Rí agus an Triúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rígh ann uair agus bhí triúr mac aige. An lá so do buaileadh breóíte an rígh. Chuaidh an mac ba shine isteach go dtí an seomra cuige féuchaint conus abhí sé. Dubhairt an rígh leis go raibh rud éigin ag déanamh buadhartha dho agus ná beadh sé go maith go dtí go mbeadh a fhios san aige agus sé rud a bhí ag déanamh buadhartha dho nách raibh a fhios aige ciacu ba ghiorra dho an t-aer abhi fé nó an t-aer abhí ó's a cheann. Chuaidh an buachaill fé dhéin tíghe an rígh agus d'iarr sé obair ar an rígh.
    D'fhiafhruig an rígh dhe cadé an obair a fhéadfadh sé a dhéanamh agus dubhairt sé go bhféadfadh sé adhmad a ghearradh. D'fhan sé sa palás. Lá'r 'na mháireach do chuireadh ag gearradh an adhmaid é. ar ball nuair a tháinig duine de na seirbhísíg amach agus bhí sé amuich agus ní raibh sé ag gearradh agus d'fhiafhruig sé de cad abhí ag déanamh buadharta dho.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0950: Rhampsinitus
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Suilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bn. Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí