Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do bhí triúr mac aige agus aon inghean amháin aige agus do bhí sí ana-aerach ar fad. Do bhí an triúr mac aerach leis ach ní rabhadar ach leath cómh-h-aerach leí.
Do bhí sí sin ag dul amach lá agus do bhí eagla air a mháthair go raghadh sí uaithe ar fad agus do chuir sí an triúr mac 'na diaidh. Do chuaidh an triúr mac go dtí an áit na raibh an cailín óg ag dul agus do bhíodar ansan roimpe ar feadh tamaill mhaith agus do bhí eagla ortha dá dtéigadh sí in-aon-chor agus do chuaidh sé thar-nais abhaile agus do bhí an cailín amuigh airís agus do leanadar í agus do tháinig sí tar-nais airís abhaile agus níor tháinig an triúr mac agus do chuir an máthair an cailín na ndiaidhtha agus níor chuaidh sí á' chuardach in-aon-chor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteard Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí