Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An fear saibhir
Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-saibhir agus bhí siopa mór aige agus bhí a lán daoine ag teacht chuig an siopa ag ceannach a lán rud. Lá amháin isteach sa siopa bhí fear amháin ag troid le duine éigin. Ón lá sin amach, níor tháining aon duine isteach chun aon rud a cheannach agus tar éis é sin bhí sé bocht.
Bhí níos lú airgead ag an bhfear le haon duine eile sa pharóiste . Ni raibh pingin rua aige agus ní raibh aon rud aige a ithe. Chuaigh sé go dtí a chomharsana chun rud éigin a fháil a ithe. Dúirt na comharsana, "Téigh go tír eile agus bunaigh siopa nua suas"! Phacáil sé na rudaí a bhí sa siopa agus chuaigh sé go tír eile chun siopa nua a bhunú.