Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Oilithreach gan Eireaball”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oilithreach gan eiribhal
    Bhí fear ann fadó agus do bhíodh sé ag siúbhal mór tímcheall na dúithche ar lorg déarca. Fear ciún macánta ab'eadh é agus saghas file do b'eadh é. Ghídh go raibh sé na fear déirce bhí sé an-ghlan ar fad. Oidhche áirighthe fuair sé lóisdín na h-oidhche i dtig feirmóra, in aice na h-áite seo, fear an-shúgach ab'eadh é agus thaithnigh a cuileachta leis an bhfeirmeóir i dtreó gur leag sé dul a codhladh in a leabaidh féin. Bhí an fear bocht sásta ach ní raibh sé i bhfad sa leabaidh. Nuair do mhothuig sé rud éigin ghá phriocadh agus do bhí sé ag druid anonn agus anall sa leabaidh. Tháinig iongnadh ar an bfeirmeóir agus d'fhiafruig sé dhe cad a bhí ag baint dó mar dúbhras cheana file ab'eadh é, agus seo mar thug sé an freagra do'n feirmeóir
    Mar do chuaidh oilithreach gan eiribal go pras fé an súise
    Agus is creimitheach a bheireann sé ar gach cnámh lium-sa
    Ach beirim-se m'fhochal dó dá bfaghaim-se im dhorn dúnta
    go mbeidh deire leis a chuid eitealach go dthí lá an cúntais.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Riordan
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    B. Moriarty
    Aois
    63