Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Diarmuid Liath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Diarmuid Liat
    Nuair do bhí an t-Athar Seóirse Ó Suilleabán na sagart pharóiste i gCill-orglán. Do bhí fear ann dar b'ainm Diarmuid Liath. Do bhíodh sé i gcómhnuidhe ag cainnt agus ag cainnt agus ag cainnt agus ag bladarnaig agus gach aon rud a bhíodh an "diabhal" annso agus annsud idtosach agus i ndeire ar siúbhal aige. Is minic a cuir an Sagart cois leis an méid sin cainnte a bhíodh ag siúbhal aige mar gheall "an diabhal" do bheith in úsáid aige. Do dhéin Diarmuid tréan iarracht an sort sin cainnte do stad. Lá dá raibh sé ag geata an t-Séipéil agus sluag eile in aon fheacht leis ag fanamaint go dtosnóchadh an t-Atair Seoirse Aifreann. Ceap Diarmuidh go raibh an sagart istig sa Teampall ach in ionad san is é an rud do thárla go raibh an sagart beagánín deanach an maidin sin. Bhí an cainnt ag siúbhal ag Diarmuid mar ba ghná leis agus é ag féacaint idtreó an Teampuill. Ach cé tháinig amach as tig an t-sagart ach an t-athair Seóirse agus cuala sé an "diabhal" annsan agus annsúd i gcainnt Diarmuida. Tháinig sé ar an dtaobh thiar de Dhiarmuid agus thug sé clabhtóg agus dúbhairt sé "ceapas go ndúbhairt leat gan an focal sin do bheith id bhéal" "Cad tá tú ghó rádh anois mar gheall air." Muise "an diabhal" faic" arsad Diarmuid ach bhíos ghó innsint dom cáirde annseó nó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    J. Leahy