Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 040
  3. XML “Scéal mar gheall ar Dhónall Ó Conaill”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    A Dhómhnaill Uí Conaill an dtuigeann tú gaedhleann.
    Do bhain sin geit as Ó Conaill ach do d'fhreagair - Ó tuigim go maith a chailín ó Éirinn. Annsan dubhairt sí. Tá nimh ins an cupán sin taobh leat. Mé féin do chonnaic an feall, agus beidh deire led'shaoghal. Má ólair, is baoghal. Ní fillfir go h-Éirinn bíodh geall. Ní nach iongnadh níor ól Ó Conaill an fíon ach d'aistrig sé an gloine agus in ionad dioghbhail do phléidh air is amhlaidh a d'fhill an feall ar an bfeallaire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Is gnáthach sa ceanntar seo stóchach d'fhághail nuair bíodh daoine ag déanamh chleamhnais.

    Is ghnáthach sa cheanntar seo stochach d'fhaghail nuair a bhíonn daoine ag déanamh chleamhnais. Is air a bhíonn an tógaint agus an tabhairt an roinnt agus an cainnt agus an focal deireannach sa cleamhnais. Ní bhíonn na sean-daoine ach an margadh do chóilíonadh. San áit seo bhí fear, deirtear gur b'é an stóchach do b'fhearr dár mhair riamh sa Chonndae. An stochach a bhí air mar leas ainm. Uair amháin cuir fear é ag déanamh cleamhnais dá inghín go thig feirmeora a bhí 'na chómhnuidhe timcheall seacht nó hocht míle ó'n áit. Cheap gach aoinne go raibh an feirmeoir go compórdach, saidhbhir, agus go raibh gach nídh agus rud a bhaineann leis an saoghal aige, agus dá mba rud é gur féidir leis an gcailín mac an fhéirmeora do phósadh go mbéadh ádh thar bhárr aice. D'imthigh an stochach agus an fear géar- súile, cliste,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. Sullivan