Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An cheann do. Chaith sé gráine cré anuas ar a chorp agus thóg sé an ceann leis go dtí an beárna agus cur sé fé coraibh na ba é. Bhí an lá san sios agus an oidhthe ag teacht air agus díbir sé na ba abhaile. Cheanglaideach isteach iad agus thainig an cailín agus an mháigistreas á gcrúd. Bhíodar á gcrúdh baine go dtí gur líonadar gach áireacha bhí sa tig. D’inis an sgéal don mháighistir ná raibh aon áireach sa tig nár líon na ba an oidhche sin de bhaine agus do gcaithead fios a cur ar áirthí go dtí an baile mór cun an baine do choimeád. Bhíodar ana bhuidheadh do bhuacaill agus fuair sé suipéar maith agus leaba breág codlata. Cómh moc agus d’eirig sé ar maidin bhí breicfeacht ollamh roimis. D’ith sé a dhóithin agus níor fhág sé aon ocras ar féin. Díbir leis a bha agus thiomán sé isteach i thalamh na bFathach, mar do dhéin indé do dhéin indiú, shínn sé ar a bholg. Meádon laé amach chualaid sé fothram ag náe coileach agus do bhí paiseón uirthi cuige. Bhuail sí slais ar ceann des na ba. Fóil, foil a bhean mhaith leig liom na ba agus fheicead in-aon-cor amáireach iad. A gheartáin bleagárd bféidir gur tusa a mhairbh mo leanbh a tháinig anso indé agus mar a bheadh asba na slata beidh orm do bheadh sé sa clíabhán fós agam. D’imtig sé o bheith na leanbh agus tusa mar máthar air. Bhí seacht slata d’fiachla fada agus seacht gcínn de slata ingeana cruath Nár bhis cur chútha. Do chúadar ar (na n-inngeanna) triode geara cruad le na cheile. Do chaith sí uaithe an claidheamh agus chuaid sí ar na n-inngeanna leis. Thug sí fé leis na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris Ó Gríbhthín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Rathaille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí