Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 117
- XML “Véarsa - An Bás”
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bheidh an súil a dhúnad is an béal á leathadh.
Is an meabhair ag imtheacht cun fain uait.
An liost dá leigheadh is an léasa caithe.
Dia le t-anam an lá sanMicheal Ó Gribhthín IIV Rang.
Ó'm Shean-mháthair,
Peig bean Michíl Uí Morónaigh,
Glaise 75bl- Bailitheoir
- Micheál Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peig Bean Michíl Uí Morónaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Seana RáidhteTóg uaim é, is gan uaimeach é.
An té ná bhíonn laidir ní folár dó bheith glic.
A sgéal féin, sgéal gach éinne.
Castar na daoine ar a chéile, act ní castar na cnoc ná na sléibhte.
Mol Dia go mór is go minic.
Claidhe Gheimhread nó falla Samhrad.
Is feárr rith maith na droch sheasamh.
Is maith an t-iománaoí, an té a bhíonn ar an gclaide.
An té is feárr a thuileann é, is é is measa a bhfaigeann é.
Deire catha gleó, agus deire ceatha ceó.
Ní hé lá na gaoithe, lá na scolb.
Bíonn gach tosnú lag.
Níl aon teinteán mar do theinteán féin.
Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch a rinnce.
Glór mór I gceann bheag.
Nuair is gann é an biadh, sead is fíall é roinnt.
Ní feárr bíad ná ciall.(leanann ar an chéad leathanach eile)