Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chruithuigh Dia na h éunacha géabha, cearca agus lachain, thug sé píosa geir do gach ceann ac ab.
Bhí cead ag gach éun aca a rógha rud a dhéanamh leis an n-geir agus a chur i n-úsáid de réir mar thog róchaidís.
Rug an ghé i na gob ar an n-geir agus chuimil sí thart ar a cuid clúmhach go leir é, go dtí go raibh sí bealuighthe ó bhonn go bárr leis. Rinne an lacha an rud céadna le n-a cuid féin de'n gheir
Comh luath is fuair an chearc a cuid féin de'n geir sgiob sí leithe é agus shluig síos go h-alpach
Sin é an fáth nach féidir leis an chearc an báisteach a Fhulaingt riamh ó shoin. Ní maith leithe an t-uisge agus ritheann sí uaidh. Ní mar sin do'n ghé agus lacha ní ghoilleám an báisteach orra acht sleamhnuigheann sé síos orra agus ta siad i n-dan snámh