Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireann na daoine fataí san Earrach. Fear an tighe a réidtigheann an ithir. Déanann sé iomair. Fágann sé caol-fhóid ar gach taobh de'n iomaire. Cuireann sé leasúghadh ar na fataí agus cuireann aoileac orra freisin. Geobhann sé an as na stablaí agus ó chró na mbó. Ceannuigheann sé guana agus cuireann sé é orra freisin. Baineann sé an caol-fhóid leis an láighe agus caitheann sé i lár an iomaire é. Annsin bíonn clais aige san áit a raibh an caol-fhoid. Nuair a bios na gasanna ag teacht suas baineann sé lán ins an g-clais agus lánuigheann sé na fataí. leis an láighe is mó a déanann sé an obhair seo. Uaireannta déanann sé é lé céacta. Ceannuigheann sé an láighe. Bean an tighe a geareans na síolta lé haghaidh cur. Geobhann sí na fataí agus gearann sí na síolta lé sgian beag nó lé miodach. Fágann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ruadhraí Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Port an Chairrín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hAiceadh
    Inscne
    Fireann