Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe na Feilme
    Tá dhá bhó againn sa mbaile Buidheóg atá mar ainm againn ar an bhó bhuidhe. Bánaí atá mar ainm againn ar an bhó bhán. Nuair a bhíonns na daoine ag seolad na mbó bíonn siad a rádh Thart amach Thart amach. Nuair a bhíonns siad ag iontúghadh abhaile uathab tareis a seolad cuireann siad fooí [!] chuimrigh Dé is Mic Duach is mic Darac iad. Nuair a tugann abhaile iad cuireann istheach 'sa gcró iad. Agus ceangluigtear le braighdeán iad. Curtear feasar raithnighe nó fraoch nó tuighe mar leabad futabh. Dath glas. agus dath dúbh ata ar na gamhna atá againn. Cureann na dooine [!] cráinnín Bealtaine os cionn dorais an chró ins an gcaoí nach dtúibreac na sídheóga an bainne ó na beithidhigh. Nuair a bíons bó thar éis breit bíonn bainne buide aice. Nuair a bruithchear é breiseann sé. Deanann sé gruth agus meig iththear agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Pheadair Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    42
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe