Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Foirthíní - uisge cloiche nach raib toruigeaci. A uisge na g-cloch ní ga da thóruidheacth a bhí me acht anois ó fuair me thú dean leigheas ar mo feathnacai. Cathfidh tú é seo a rádh a iarrad ar fear a mbeadh capall ban aige, nuair a casadh se leat. Pe ar bith rud a déarfhas an fear seo leat seard a leighasann tú. Bíonn mna ag iarraid leigheas ó fear nuair a bhíonn capall ban aige da g-clann a bfuil truich orra. Má abruigeann an fear leite bainne no uisge no fuisge a tabairt don leanb is e sin a leigheas do don truich.
Uair amháin bhí bean ann agus bhí a mac o go dona leis an truic casad fear a raib capall ban aige leithe agus d'iarr sí leigheas air. Seo e an leigheas a tug sé Di bainne cic citce bhleághan i n-ádarc muice agus é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Peadair Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe