Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Aon uair amháin bhí fear as Gort a Charmáin ar cuairt i dteach comhursan.”
Aon uair amháin bhí fear as Gort a Charnáin ar cuairt i dteach comhursan. Tá Gort a Charnáin sa bparáisde seo agus tuairim agus míle go leith on sgoil. Oidhche geimhridh a bhí ann agus bhíodar ag déanamh airneáin agus nior airigheadar an oidhche ag sleamhnúghadh thart. Ar chuma ar bith bhí sé an-deireannach san oidhche nuair a d'fhág an fear seo an teach cuarta le dul abhaile. Bhí an oidhche dubh dorcha agus corr sionán gaoithe ann. Ní raibh solus ar bith ag an bhfear a bhí a' dul abhaile acht dubhairt fear an tighe leis fodh a thógáil as an teine agus go dtiubhradh sé solus eicínt dó. Rinne sé sin. Nuair a bhí sé tamall ar am mbóthar abhaile shíl sé gur chuala sé sgread páiste mar bheadh sé ghá sguabadh leis an ghaoth os a cionn san aer. Leis sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pheadar Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe