Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- XML Leathanach 235
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar an mbaile seo O an Dún fadó. Sean Oh Uigínn a bhí mar ainm air. Tá sé caillte deich mbliadhna anois agus bhí se os cionn ceithre sgór nuair a cailleadh e.
Lá amháin bhí sé ag baint clatanna coll lemh-agaid sgoilb i g-Crú na Muilín. Rinne se dearmad ar a phiopa an lá ceadna agus ní raib gal tobac aige. Té go raibh dúil mhor aige i n-Gail. Bhí sé ag baint leis agus gan duine na deoraidhe lé feiceal i n-aice leis. Uair amhain agus e i n-aice le tulan beag glas ceard a dheicfead sé acht piopa líonta lé tobac agus splannc teinead lé na taob. Las se an piopa agus cait sé gal mait dó fein ní fhaca sé aon duine agus ní raib duine lé feiceal. Dimthigh leis tamall eile ag obair aríst tháinig sé ar ais arist go dtí an ait a raib an piopa nuair a bhí diul aige i n-Gail. Bhí an piopa agus an splannc annsin roime arist agus caith sé a dóthan de. Bhí iongantas mor air mar bhí fios aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe