Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- XML Leathanach 202
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an Inid an t-am de'n bhlíadain is mó a phosann na daoine san áit seo. Dia Luain agus Daurdaoin na laetheannta is mo a phósann siad. Deir na sean-daoine an Luain soir agus Máirt siar agus Diardaoin sonaigh soir no siar.
Déantar go leór cleamhnasaí agus tugtar spré do'n cailín óg tugtar beithidhig, nó caoirig, no airgad ins an spré. Uaireannta bíonn an fear ag iarrad cuid maith spré leis an g-cailín agus nuair nach bhfuigheann sé é ní bhíonn sé sásta agus briseann siad an cleamhnas.
Nuair a bhíons fear ag iarr cailín agus ag déanamh cleamhnas tugann sé buidéal poitín leis agus tugann sé gloinne go fear an tighe agus do na daoine eile. Nuair a bhíons siad bogtha aige farran sé an cailín agus tostuigheann siad ag déanamh cleamhnas. Má gheobhainn sé í pósann an fear agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe