Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghaoth aindeas. Tuirim is an ám céádhna tagann droch-aimsear. Bionn ceathanna clocha sneachta againn agus gaoth fuair cruaidh. Tugann na daoine Garbhthean na gCuach ar an droch aimsear a tagann an uair sin. Tá sean Caint ag na daoine go gcuireann an cuach moill ar rudaí. Má bíonn ál siciní nó geabha nó lacain gortha an uair sin agus le teacht amach bíonn moill orra mar geall ar an gcuach. Deir siad nach dtagann siad amach go maith, agus go mbíonn na h-eunacha óga meathta agus lag.I lár an Meitheam bíonn an aimsir go breagh mar bíonn an Samradh ann. Se an 21adh Meitheamh an lá is fuide san mbliadhain agus bíonn lá Féile San Seaghain ar an 24adh Meitheamh. Timcheall an am sin tagann gaoth an cruaidh tirm. Bíonn tiormach mor leis an gaoth sin agus tugtar gaoth na Feile San Seaghain ar an gaoth sin. Aon moin a bíos bainte an uair sin tiormach sé go tapaidh. Deireann na sean-daoine go mba é an mhóin é is fearr an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Rúaidrí Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port an Chairrín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomas Ó hAiceid
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port an Chairrín, Co. na Gaillimhe