Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)

Suíomh:
Mín Doire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 445

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 445

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Doire
  2. XML Leathanach 445
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe na feirme.
    Seo ainmneach na h-ainmhidhthe feirme atá againn:- An bhó, an beithidheach, an asal, an tarbh, an gamhain, an chaora, an reithe, an gabhar, an mhuc, an searrach, an madadh agus an cat. Tá ba againn. Seo na h-ainmneach a bheireann muid ortha:-
    Bó bhreac, bó na leath-adharca, bó bhuidhe, bó na n-adharc cam, maoilinn agus sluacainn. Nuair a bíonn fear ag tiomáint ba deireann sé:- Hie, hie, hie. Bheireann muid:- suggie beag ar na gamhna. Boitheach a tugtar ar thigh na mbó.
    Cuirtear cóchan, lochán, grabhar mónadh agus ceipar mar asair faoi na buaibh, Bórach a tugtar ar an cheangal a cheanglaithear na ba. Cuirtear téad ar na caoirigh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Aoigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall