Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)

Suíomh:
Mín Doire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Doire
  2. XML Leathanach 408
  3. XML “Focla agus Ráite in Úsáid - Sníomh agus Fíodóireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Focla agus ráidte in úsaid ag cuir siós fá shníomh agus figheadoireácht.
    Bean:- Tá mé ag cuartú seal.
    Figheadóir:- Gheobhaidh tú sin. Tá an seól fá réidh agam. Chuir mé amach gréasann annsin indiu. Sin cuid de na faoghoghaí na luighe annsin.
    Bean:- Go raibh maith agat. Béidh tú indán é dheilbhe domh anocht. Tcím go bhfuil an crann deilbhe folamh agat.
    Figh.:- Tá gan amhras acht a chailleach tá súil agam go bhfuil an dlúigh sníomhtha go maith agat agus go bhfuil go leór agat. Ní lugha orm nó an poc[?] nó "íongnadh" ( defienecy) a bheith orm
    B:- ná bíodh eagla ort Badh mhaith liom cuimhais bán a bheith san ghréasann.
    Fig:- bhfuil an t-ineach (woof) agat
    B:- Tá oireadh agus badh cheart gnoithe idheanamh.
    Figheadóir. Maith go leór, Cuir anuas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. sníomh agus fí (~482)
    Teanga
    Gaeilge