Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 345
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Grinn.
Bhí fear an uair amháin agus ní rabh aige ach mac amháin agus bhí an mac cinneall amaideach.
Sé an gléás beó a bhí acu nó ar shiubhal gach lá sa bhlian ag díol duluisg. Bhí sean asal acu agus carr fá choinne na h-ócaide. An mhaidin seo ní rabh coirce ar bith acu le tabhairt dón asal agus chuir an t-athair an mac fhád leis an chomharsanacht fá dhéin cloch choirce. Thug sé cupla sgilling dó le díol ar shon an choirce agus dubhairt sé leis an mhac "Muna nglacfaidhe siad airgead ar shon an choirce" abair leó " an mhéid coirce atá agaibh i mbliadhna go mbéidh a dheich n-oiread agaibh ar an bhlian seo chugainn."
Dimthigh an mac fá choinne an choirce agus ní rabh i bhfád go dtáinig sé arais leis an choirce. " Cá mhéad a bhí a mhic" arsa an t-athair, " Ní rabh sé a ghach" arsa an mac, " agus caidé dubhairt tú leo" ars' an t-athar, " Char dhubhairt mé a dhath" arsa an mac " Rinn mé dearmad don rud a diarr tú orm a rádh."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Brógáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Bhrógáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall