Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sníomh agus úcaireacht agus figheadóireacht.Tomtar na caoirigh san Mhí Mheadhoin Tomtar cuid dóibh roimhe sin, na rudaí tiorma. Cionnig go mbíonn an olann ag éirighe daobhtha ndiaidh an Earruigh a bheith thart. Le diabhas a deintear na caoraigh a lomadh. Ceangluigheann an lomtóir dhá chos tosaigh na caorach leis an chois dhéire sa dóigh nach mbeádh cead aici bheith ag rinnce agus tabhairt trioblóide.
Tógtar na lomairt annsin agus nightear iad. Nightear iad a spíonadh nuair a bhíonn siad tirm agus fágtar forust a chardáil. Sí bean an toighea ghníos an olann a chardáil. Ghní sí clámain do ndiaidh sin gnithear í smotaighil. Sé sin le rádh tógtar lán baicle de na clamán agus cuireann faoi na hasgail i greamuigheann sí annsin í le láimh amháin agus tarraingeann leis an láimh eile í. Fágann seo furust acu olann a dheanamh na rallogaí.
Cuirtear ola ar an ola sul adeintear rollaí de.(leanann ar an chéad leathanach eile)