Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 441
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Toibreacha BeannuitheTá ceithre tobair beannuithe ins an pháróiste seo. Tá ceann thiar ar chnoc Ghort-a-Choirce agus tugtar tobar na bhfainne ar. Ta tobar i gCill Mhac Creanáin agus tobar an Dúin a tugtar ar. Tá tobar in Ioraruaidh agus tugtar tobar Ath Spionán ar. Tugann daoine cuairt ar na toibreacha sin. Deireann siad paidreacha ag tobar an Dúin ar chum an sagart a chur ar bun é.
Bíonn siad ag siubhal thart fan tobar agus iad ag guidhe. Sé sagart a chur ar bun an tobar sin.Téidheann daoine bacach agus daoine dall go dtí an tobar le iad féin a leighis. Ólann daoine uisge an tobar agus cimligheann siad daobhta fhéin é fósta. Bhéirinn siad leo cuid den uisge abhaile. Fágann daoine ball de gcuid éadaigh na dhiaidh agus fháann na bacaigh a gheibheinn biseach a gcuid croisinní na ndiaidh.
Tobar Ath Spionán:-Sé Naomh Finéin a chur ar bun an tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Thuiridh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall