Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 382
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cruadtán (11)
Ar an 13adh de mhí Mheadhon an tSamhraidh dfág triúir (Chlann) de Chlann t-Suibhne agus an Duibhireach oileán Ghabhla dul o solas do le dhul amach i iasgaireacht brádan i gcúl Innis- Bó-Finne. Tá an t-oileán seo ar amharc theach na scoile seo.
Oidhche cheo bhaiste a bhí ann.
Níor phill siad na bhaile an oidhche sin acht níor chuir a muinntear tioradh ar bith annsin nó síl siad go mbéidir gur bhain siad na Dúnaibh amach nó Caslaigh eígin eile agus go bpilleadh siad tráthnóna. Thainic an tráthnona acht chá dtainic na h-iasgairí.
Chá dtainiceadar ó shoin.
Chuaidh an cuartughadh ortha Bhí iasgáiri na Rosann Ghaoth Dobhair na n-oileán uilig agus muinntear na Dúnaibh ghá gcuartughadh acht tasg no tuaiirisg na h iasgairí bochta ní raibh le fághail.(leanann ar an chéad leathanach eile)