Scoil: Dún Ceann Fhaolaidh (uimhir rolla 15499)
- Suíomh:
- Dún Cionnaola, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seaghan Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fa’n cruaideas in a rabh sé. Arú níl ann acht pisreogaí ansa Bustard agus thog sé an tuagh agus gearr se ceann de na craobhacha. Maith go leor d’imthigh sé a bhaile acht nuair a bhí sé a dul isteach ‘san teach sleamhnuigh sé ar an urlar thuit sé agus bhris sé a chos. Sul a chuala an fear eile fa sin bhí na craobhacha eile gearrtha aige. An trathnona sin nuair a chuidh sé abhaile chuir sé a chapall isteach sa stabla – capall an mhaith a bhí aige acht ar maidin lá thar na mharach bhí an capall ceadna in a luighe mín marbh. Bal-fuair sé sé capall eile acht trathnona amhain agus é ag dul abhaile tar eis obair an lae scannruigh an capall – as go brath leis – agus chuaidh sé fein agus an trucail tar an claide isteach I ndióg inor agus briseadh muincall an chapaill. Bhí mi adh ar an duine bhocht agus tar eis bas na gcapall chaill sé a cuid eallach ag cuid de n-a phaistí fas.
Anois ni dheanfadh dhuine no dalta rud eigin teacht ar na crainnibh a bheadh ann ni gearrfaidhe geag as na crannaibh ar an dún.(leanann ar an chéad leathanach eile)